Skip to main content

‹‹‹ prev (176)

(178) next ›››

(177)
137
San troigh rochruinn réidh
ná fagh-sa féin fonn ;
taobh nách taise clúmh
tuig nách tú do chom.
25 Beid mar bhláth an fhiaigh
(i gcriaidh ni coir teann)
snuadh h'ochta mar aol,
do bhruinne shaor sheang.
I dtalmhain (tuar leóin)
30 smuain fa dheóidh do dhul ;
biaidh a ghné mar ghual,
an béal go snuadh subh.
Ar ndol duit i gcré,
mise gidh me ann^
35 ni thiobhrainn riot taobh,
a chúl na gcraobh gcam.
Ret fhaicsin, a fholt fiar,
do chuaidh mo chiall uaim ;
duit, a bhruinngheal bhán,
40 badh aithreach la an Luain.
Tuirseach dhamh *na ndeóidh,
briathra do bheóil bhinn ;
do ghlór síthe sáimh,
ní me a-mháin do mhill.
45 Ná bí baoth do ghnáth,
cuimhnigh cách ag éag ;
an folt fleasgach fann,
ní fhuil ann acht bréag.
— Anluan Mac Aodhagáin,
Llt.^^

Images and transcriptions on this page, including medium image downloads, may be used under the Creative Commons Attribution 4.0 International Licence unless otherwise stated. Creative Commons Attribution 4.0 International Licence