Skip to main content

‹‹‹ prev (23)

(25) next ›››

(24)
CIALL.
58. Ciall agus michiall
dis ná gabhann a chéile ;
is dóigh le fear gan éin-chéill
gurab é féin fear na céille.
59. NÍ truimide an loch an lacha,
ni truimide each a srian,
ni truimide caora a holann,
's ni truimide colann ciall,
60. Is gilide cloidheamh cailc,
is miride cruaidh fabhairt ;
urraim, agus tú i n-airc,
ni trumaide thú a tabhairt.
61. Tabhair dot eólas aire,
iarr an t-eólas roimhe ;
ni do ghnáth is tréan tuile,
féach, a dhuine, an t-áth oile.
62. Is mór milltear le luas beirte,
is fada is beite ar ti a déanta ;
féach go mall do chluiche timcheall,
sul dti h'intinn ar éin-bheirt.
63. Feith re fagháil an da sgéal,
madh ail leat do bhreith bheith buan ;
gibe breitlieamh nach bi claon
do-ni an da thaobh d'fheitheamh uadh.

Images and transcriptions on this page, including medium image downloads, may be used under the Creative Commons Attribution 4.0 International Licence unless otherwise stated. Creative Commons Attribution 4.0 International Licence