Skip to main content

‹‹‹ prev (138)

(140) next ›››

(139)
99
Ní do a-támaoid an tan-sa,
tuireamh na dtéad gcodarsna,
acht do mhilleadh ar mban mbog
do ghabh re silleadh seachad.
73
Truagh do bheatha, a bhean a-réir ! .^gár J a-tiuf^uLft^utSi
an ngoilleann ort féin mar taoi? ^— T^ <^lv/ >í--^.
ní chuala féin thuaidh ná theas '' '
leath th'aínnise ar fhear ná ar mhnaoi.
Ar chréatúir dár chruthaigh Dia
ní chuala riamh leath bhar n-olc ;
don duine is boichte fán ghréin
ní thiubhraínn féin mo dhéirc thort.
Gach martra dá bhfuilngeann tú,
gach crádh croidhe, a chúl na sreath,
dá bhfuilngeadh sibh ar son Dé,
do rachthá gan péin ar neamh.
Más dod dheóin ataoi mar sein
ní mór gur bh'fhearr dheit, dár ndóigh,
dá mhéad icoit^ dá ndearna tú,
dol ar do dhá ghlún don Róimh.
Is truagh leam nách léigthear doit
gidh beag féachain soir ná siar ;
dom dhóigh, ní léigfidhe leat
a rádh go madh geal an fiach.

Images and transcriptions on this page, including medium image downloads, may be used under the Creative Commons Attribution 4.0 International Licence unless otherwise stated. Creative Commons Attribution 4.0 International Licence